- Céad slán ag sléibhte maorga
- chondae Dhún na nGall
- Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd,
- ina stua(í) os cionn caor ‘s call
- Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich,
- go ciún sa ghleann ina luí
- I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair,
- is beag nár bhris mo chroí.
- Ag taisteal dom amach tríd chnoic Ghleann Domhain,
- ‘s an Mhucais ar mo chúl
- Ní miste domh ‘rá le brón ‘s le crá,
- ghur fhreasach a shíl mise súil
- Go ‘Meiriceá siar, a bhí mo thriall,
- i bhfad thar an fharraige mhór
- D’fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall,
- ‘s ag Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair.
- Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh
- ó mo thír bheag dhílis féin
- Ach trom lámh Gall, le cluain ‘s le feall,
- a thiomáin mé i gnéill
- B’é rún mo chroíse pilleadh arís,
- nuair a dhéanfainn beagán stór
- ‘S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil,
- fá Ghleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair.
- Slán, slán go fóill a Dhún na nGall,
- a chondae shéimh gan smál
- ‘S do d’fheara bréa in am an ghá,
- nár umhlaigh riamh roimh Ghall
- Tá áit i mo chroí do gach fear a gach mnaoi,
- ‘s gach páiste beag agus mór
- Áta beo go buan, gan bhuairt gan ghruaim,
- fá Ghleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair.
|
- Adiós a las nobles montañas
- del viejo Donegal querido
- Y dos veces adiós a la colina de Errigal,
- arqueándose sobre las bayas y fresnos
- Cuando pasé a través del valle por el lago Dunlewey,
- con las aguas tan tranquilas y calmadas
- de los verdes valles de Gaoth Dobhair,
- con dolor en mi corazón tuve que partir
- Viajando a través de las colinas de Glendowan,
- y con Muckish tras de mí
- Con un corazón lleno de dolor no sentí vergüenza
- de que allí las lágrimas cayeron de mis ojos
- Me dirigía a las cosas de América,
- lejos a través de la embravecida espuma salvaje
- me despedí por un tiempo de Donegal,
- y de los verdes valles de Gaoth Dobhair
- Nunca fue mi plan viajar lejos
- de mi amada tierra
- pero el engaño y la traición
- de la mano del tirano me forzaron a dejar mi casa
- El deseo de mi corazón sería regresar otra vez,
- si pudiera reunir un poco de dinero
- y pasar mis últimos días con mis amigos y familia,
- alrededor de los verdes valles de Gaoth Dobhair
- Adiós, adiós a Donegal
- ese condado hermoso y bello
- y a sus hombres valientes ante el enemigo,
- que no se acobardaron ni inclinaron ante el extranjero
- Estimo a todos esos hombres y mujeres,
- y niños grandes y pequeños
- que viven en paz sin preocupación ni dolor,
- en los verdes valles de Gaoth Dobhair
|